Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Athrach idir an saol anois agus mar a bhí: bhí muintir Thoraí ábalta léir oibre a dhéanamh iad féin. Bhí an saol crua san am sin, bhí airgead gann ach bhí na daoine sona sásta agus bhain siad a gcuid as an talamh agus as an fharraige. | 00:02:45 | |
Daoine ag fágáil an oileáin: d’fhág léir daoine Toraigh (oileán Thoraí) agus fuair siad tithe ar an Fhál Carrach, chuir sin síos an t-oileán go mór. Níl an oiread daoine fágtha anois agus mar a bhí. Is cuimhin leis 400 ina gcónaí ar an oileán ach níl ann ach 130 ann anois. Tá cuid de na sean nósanna fágtha go fóill. | 00:02:16 | |
Bainiseacha ar oileán Thoraí. Laethanta móra a bhíodh iontu théadh siad ar aghaidh go maidin. Anois tugtar na bainiseacha amach go tír mór. | 00:01:30 | |
Is cuimhin leis saol ar an oileán le linn stoirme – thiocfadh leo a bheith gearrtha ar shiúl ó tír mór ar feadh sé seachtaine. Bhíodh stór i gcónaí ag lucht an oileáin agus bhíodh siad réidh i gcónaí. Ach nuair a tháinig leictreachas agus gás bhí athrach saoil acu. | 00:03:20 | |
Tá lucht an oileáin ag cuardach aer stéille, “airstrip” agus measann Pól gur cheart píopaí uisce a leagain le fíor uisce a bheith ag lucht an oileáin le hól. | 00:02:28 | |